Ligíg' dom smaoineamh go díl ar mo ghrá nach dtig im' threo do leigheas mo bhróin, is gurb é a chló do thug mé tláth.
Crua an cás nach bhfuil ar fáil, an t-óglach gan béim do chonaic mé trém' néalaibh. Is trua an scéal nach dtig sé dom' fhéachaint is mé fá gheasa draíochta nach dtig le neach a scaoileadh, do cheangail orm m'athair dúr is gurb iomaí úr-óglach do fuair gan trua a bhás ag iarraidh mé do shaoradh.
MNÁ (taobh amuigh)
An oíche dhubh - nuair a mhúchas réalta cinn na spéire. Thar chríocha thoir, go luath, tig gaethe grinne gréine.
EITHNE
Ní thig libh, a chuallacht, mo mhisneach do mhúscailt níl fóir dom a choíche. Ó táim gan dóchas fágaíg' mar shógh agam mo bhrón ró-aoibhinn.
MNÁ
Cuir díot an brón, a stóir an chroí. Tiocfaidh an leon i do threo go díl.