Featured In

Top Songs By Gavan Ring

Credits

AUSFÜHRENDE KÜNSTLER:INNEN
Gavan Ring
Gavan Ring
Bariton
Imelda Drumm
Imelda Drumm
Mezzosopran
Irish National Opera Chorus
Irish National Opera Chorus
Chor
RTÉ National Symphony Orchestra
RTÉ National Symphony Orchestra
Orchester
Fergus Sheil
Fergus Sheil
Dirigent:in
Orla Boylan
Orla Boylan
Sopran
Robin Tritschler
Robin Tritschler
Tenor
Brendan Collins
Brendan Collins
Bariton
Conor Breen
Conor Breen
Tenor
Eamon Mulhall
Eamon Mulhall
Tenor
Eoghan Desmond
Eoghan Desmond
Bassbariton
Fearghal Curtis
Fearghal Curtis
Tenor
John Molloy
John Molloy
Bass
Rachel Croash
Rachel Croash
Sopran
Robert McAllister
Robert McAllister
Bassbariton
KOMPOSITION UND LIEDTEXT
Robert O'Dwyer
Robert O'Dwyer
Komponist:in

Lyrics

ARD-RÍ NA hÉIREANN
A bhean ró-dhána, an mise an tArd-Rí? Bhfuil meas ar mo bhriathra?
NUALA
Ná salaighse do cháil le beart neamh-fhialmhar.
ARD-RÍ NA hÉIREANN
Labhrann an toice mar mhnaoi le cumhacht.
Níl brí agam ina coinne. Tá mo chroí fá bhuairt. Abair, a bhean liom, nach bhfuil dom réir. Cluinim an freagra gan mhoill ód' bhéal.
NUALA
Freagród gan mhoill, gan aon mhoill.
ARD-RÍ NA hÉIREANN
Créad fáth nár chuibhe do chlann seo an bhróin a gclaonbheart nimhe do chúiteamh leo?
CÓR IOMLÁN
Freagair, a thoice, freagair! Créad fáth nár chóir a gclaonbheart nimhe do chúiteamh leo?
NUALA
Freagród gan aon mhoill.
Éistíg' liom go fóill. An tráth a mbíonn an spéir fá scáil ní léir dúinn áilleacht, bláth, is scéimh na mbánscoth n-íseal nglé gan cháim na bpéarla ngnáith ar bharr na ngéag luisne an róis go modhúil caoin lasadh caor i lár na gcraoibh.
Gan brí na seoid, ní thógann croí. Ní thógann croí go taitneamh gréine is bánú an lae.
An tráth ar líonta an croí le gruaim, dá chloí ag buairt is léan an tsaoil, is gnáth go mbíonn an intinn dubhach gan fíorbhreith rún, gan éifeacht gníomh.
Ach nuair a lasas grá sa chléibh, mar ghaethe gréine tríd an gceo, is luath a scaipeas scáil is léan, is blastar séan is aoibhneas cóir.
Níl ceol is binne ar chruit sa tsaol ná seinm Aonghuis1 Óig na nÉan.
Is eol don duine a chluineas é créad ann is aoibhneas, sógh is séan.
ARD-RÍ NA hÉIREANN
Cén bhrí atá ina glór seo, a bhíogas grá chomh mór ionam go sílim nach beo dom ar nós daoine an tsaoil?
Nó arbh é Aonghus áigh an Bhrógha do labhair trína béal?
NUALA
Níor mhór an síon le Diarmuid2 áigh ód' chuala gáire grinn na dtéad. Ó tabhair de shíor is iarr an grá, is fuath go brách le dílse séan.
Written by: Robert O'Dwyer
instagramSharePathic_arrow_out